Scoil: Meall an tSrutháin (uimhir rolla 2117)
- Suíomh:
- Meall an tSrutháin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Dll. Ó Luasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Meall an tSrutháin
- XML Leathanach 145
- XML “Saibhreas i bhFolach”
- XML “Loch atá fá Dhraíocht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)óir i bhfolach fé thalamh idir an Chéím Cam agus an crann fuinnseóige."
- Tá loch doimhin portaigh in áit uaignigh fé scáth na gCnoc i mbaile fearainn an t-Sruthláín i bParoíste na Léíme agus deirtear go bhfuil an loch seo fá Dhraoidheacht. Tá cúig cinn d'oileánaibh beaga ann, dhá cheann acha agus íad níos mó ná na trí cinn eile, agus saileóga agus toir beaga eile ag fás ortha. Is diamhair aisteach na h-oileáin íad de bhrígh nách san áit céadhna a chífeá iad aon dá lá. Aistrigheann síad ó áit go h-áit ar fuaid an locha agus deir muinntir na h-áite ná feiceann aoinne coidhche iad ghá n-aisriughadh agus gur san oidhche a n-aistrigheann siad. Ní fios d'aoinne fáth an aistriucháin de bhrígh nách leis an ngaoith a théigheann síád in aon-chor.Uaireannta is i gcoinnibh na gaoithe a deintear an aistriúchán agus uaireannta eile, deirtear go n-aistrigheann siad mar an gcéadhna nuair ná bhraithfeá an puth gaoithe is lugha do bheith ann ach an loch in a chlár chiuinis amhail leamhnacht.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Choileáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cuar Níseal, Co. Chorcaí