Scoil: Drom Dhá Liag (C.) (uimhir rolla 12230)

Suíomh:
Drom Dhá Liag, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Bean Uí Dhrisceoil
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0302, Leathanach 156

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0302, Leathanach 156

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Drom Dhá Liag (C.)
  2. XML Leathanach 156
  3. XML “Caoine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí gabha sa dúthaig seo bliadhanta ó soin agus d'fág sé a mhuintir féín agus chuaidh sé go dtí áit éigin in aice na cathrach ag lorg oibre. Do bhuail uime baintreach mhná agus bhí ceardhcha aici. Do pósadh an bheirt agus ní chuala a mhuintir aon rud mar geall air ar feadh cúpla bliadhain. Annsan chuaidh a deirbhsiuir á lorg. Nuair a tháinig sé in aice na h-áite in a raibh an buachaill chuala sí go raibh sé ann. d'Airig an gabha go raibh sí ag teacht agus leig sé air a bheith marbh. Ní raibh fhios ag aoinne gur ag leigint air a bhí sé. Tháinig a deirbhsiúir nuair a bhí an torramh ar siubhal agus tosnuig sí ag caoineadh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Coileáin
    Inscne
    Fireann