Scoil: Clochar na Trócaire, Ros Ó gCairbre (uimhir rolla 14813)
- Suíomh:
- Ros Ó gCairbre, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. Áilbe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Duine des na Naomhaibh b'iongantaighe a b'eadh Naomh Fachtna. Rugadh i gCo. Chorcaighe é sa' sémhadh aois. Tugadh Mac Mongach mar ainm air go minic - b'fhéidir go bhfuair sé an tainm sin ó n-a athair nó b'fhéidir go raibh an tainm sin air ó lá a bhreithe mar rugadh é agus a lán gruaige ar a cheann do réir an sgéil. Nuair bhí sé óg bhí sé fé churam Naoimh Íte agus gan dabht 'sí a mhúin na suibhaileidhe (1) móra a bhí í gcroidhe an fhir óig nuair d'fhás sé suas. Tar éis tamaill do chaitheamh fé chúram Íte chuaidh sé go coláiste a bhí ag Loch Eirce in aice Corcaighe. Ag fágáint na scoile sin dhó chuir sé ar bun Mainistir Mholana in aice Eochaille ach tamaillín 'na dhiaidh sin d'fhill sé go dtí a áit dhuthchais agus chuir sé ar bun an coláiste clúmhail sin, Coláiste Ruis. 'Sa tsean-aimsir tugadh Ros Ailitir ar an gcoláiste mar gheall ar na sluaighte mac léighinn a thagadh ann ó gach áird 'sa domhan.Áit an-oireamhnach do Coláiste is eadh Ros mar tá sé suidhte cois na fairrge, ag(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Donnabháin
- Inscne
- Baineann