Scoil: Clochar na Trócaire, Ros Ó gCairbre (uimhir rolla 14813)
- Suíomh:
- Ros Ó gCairbre, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. Áilbe
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0308, Leathanach 118](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0308%2FCBES_0308_118.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0308, Leathanach 118
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)feuchaint síos ar an bhfairrge mhóir. Bhí clú agus cáil na háite scaipthe ar fud an domhain go léir mar gheall ar an oideachas a bhí le fághail ann. Deirtear go raibh trí céad manach sa' coláiste, agus théigheadh cuid aca ar fud na h-Eórpa ag craobhsgaoileadh an Fhíor-Chreidimh. Gidh go mbíodh obair chruaidh ag na mic léighinn níor mothuigheadar é mar bhí saoghal sonasach síothchánta aca fé chúram a n-athar dhílis, Naomh Fachtna. Fear fial, mór-chroidheach, árd aigeanta a b'eadh é, fear a chuireadh suim fé leith in gach mac léighinn a bhí sa Coláiste. Ba mhó focal deagh-chomhairleach a leig sé uaidh nuair bhí sé imeasg na mach léighinn, agus bhí cion mór ag gach aoinne air. Trioblóid ar bith a bhí ortha do nochtuigheadar dó í agus narbh é a bhí i ndan an trioblóid sin a laghdugadh agus aigne an duine a shocruighadh. Deirtear go raibh Naomh Breanndán 'na chómhnuidhe in éinfheacht leis ar feadh tamaill mar bhí caradas mór eatorra o'n am a bhíodar araon fé chúram Naoimh Íte, agus gur dhein Naomh Breanndán a lán oibre cun an coláiste a cur ar aghaidh. Lá éigin thuit (2) tonnnósc amach do Naomh Fachtna, agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Donnabháin
- Inscne
- Baineann