Scoil: Oileán Baoi (Dursey) (uimhir rolla 13138)
- Suíomh:
- Oileán Baoi, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar sise.
Nuair a dubhairt sí é sin b' sheo iad go léir tré'n a chéile, agus amach leo -''bhfuil mo bhothán-sa? bhfuil mo bhothan-sa? bhfuil mo bhothan-sa?'' a deiridís.
Dubhairt an guth léi chómh maith an bolltha chur ar an ndoras agus uisce na gcos a chaitheamh amach agus an solus do chuir a d'éag, agus an corcán a iompódh béal- fé, agus an cluas a bhaint de císte 'n aráin,''
Nuair a chonnacadar an naonbhar mar do bhí an sgéal amuigh b'sheo thar n'ais
arís iad agus iad a d'iarraidh teacht isteach.
'' Leig isteach mé a uisce na gcos,''
ar siad.
''Táim-se annso,'' arsa uisce na gcos,'' chómh fada amach libh féin''.
''Leig isteach sinn, a corcáin,'' ar siad.
''Taim-se annso'', arsan corcán ''agus mo bhéal fé''.
''Leig isteach sinn a chíste 'n aráin'', ar siad.
''Táim annso'', arsa císte 'n aráin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- N. Ní Dhuinneacha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Mhichíl, Co. Chorcaí