School: Oileán Baoi (Dursey) (roll number 13138)
- Location:
- Oileán Baoi, Co. Chorcaí
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)'agus an chluas díom''.
''Leig isteach sinn a ghreidiol'', ar siad san.
''Táim-se annso'', arsan greidiol'', ''ar mo chrochadh anuas''.
'' A theine leig isteach sinn,'' ar siad san.
''Táim annso'', arsan teine, '' agus mo chlóicín orm.''
B'é an clóicín ná an luaitheach a cuirtear anuas ar an dteine á choigilt ist oidhche.
''A ursal leig isteach mé.''
''Táim annso'', arsan ursal, ''agus
mo cheann leis an iarta agam.''
Nuair nár fhéadadar teacht isteach, do bhailigheadar leo, agus níor mharbhuigheadar in aon chor í.Deirtear gurab iad na botháin a bhí aca ná na béaláin sin atá in iarthar an oileáin seo agus gur amach asta san do thagaidís. Tá ceann amháin des na béaláin sin thiar in aice le Spur in áit go dtugtar Sgartach air - "Béalán a' Chorcám" an ainm atá ar an mbéalan san.(continues on next page)- Collector
- N. Ní Dhuinneacha
- Gender
- Female
- Address
- Cill Mhichíl, Co. Chorcaí