Scoil: Oileán Baoi (Dursey) (uimhir rolla 13138)

Suíomh:
Oileán Baoi, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eoghan Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0274, Leathanach 048

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0274, Leathanach 048

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Oileán Baoi (Dursey)
  2. XML Leathanach 048
  3. XML “An Saor Bád a Bhí i dTig Lice Finne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí saor-bhád i dTig-Lice-Finne fadó, sinn-sean athair do Shéamus Ua Laoghaire ó Bhaile’n Chalaidh a b’eadh é. B’é an t-aon saor bád amháin a bhí riamh i n-Oileán Baoi. An chéad bád a dhein sé, bád éachtach a b’eadh í, agus b’é an ainm a thugaidís uirthi ná an “Postúmas” – bhí sé chómh deacair sin i chur a gluaiseacht; bhí déanamh saghas éigin ait uirthi. Do thug muinntear Thig Lice Finne ualach gainimhe ó Bhéal Achadh Bó léi agus gan aon cácáil déanta uirthi. Bhí cláracha an bháid dlúidte ar a chéile chómh daingean sin nár leigeadar braon isteach. Ní raibh aon saor bád i ndán bád chómh tirm san a dhéanamh gan cácáil.
    Is aige seana Thadhg na Chásca a bhí sí an t-am seo agus ní raibh sé i ndán an cíos a dhíol. Do chualaidh sé go raibh an Tighearna a teacht chun é chaitheamh amach nó rud éigin a thógaint ’na áit. Bhí an bád carraigthe suas thoir i Lic, agus do thug Seana-Thadhg gurab í sin an chéad rud go gcuirfeadh sé súil ann. Chómh maith do tháinig sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Dhuinneacha
    Inscne
    Baineann