School: Oileán Baoi (Dursey) (roll number 13138)
- Location:
- Oileán Baoi, Co. Chorcaí
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Oileán Baoi (Dursey)
- XML Page 049
- XML “An Saor Bád a Bhí i dTig Lice Finne”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus dream ó’n mbaile thiar 'na theannta agus do thógada an bád siar go “Lic na Leathar” agus do tharraingeadar suas ann í agus suas ar an mBán agus do chuireadar i bhfolach istig i ngort coirce í – an pháirc taobh thuas des na “h-Aonachs.”
Nuair a tháinig an Tighearna, do bhain sé Lic na Leathar amach agus do lean sé rian an bháid suas isteach sa ngort, agus fuair sé ann í. Do sháidh sé síos arís í, an bóthar céadna agus thug sé leis í. Ní foláir nó go raibh spiaire éigin san Oileán a thug an t-eolas do’n Tighearna.
B’é an Tighearna a bhí ann an uair sin ná Downey agus bhí sé ’na chómhnuighe thall ag “Cnochán Munnair,” in aice le Crois Ghairinis ar an Mórthír. (no title)
“Tháinig fear siubhail bocht isteach go Oileán Baoi fadó...”
Tháinig fear siubhail bocht isteach go h- Oileán Baoi fadó, agus bhuail sé isteach i dtigh éigin i mBaile 'n Chalaidh. Bhí sé a rádh rud éigin le bean a' tighe agus is dócha nár chualaidh sí go ró cruinn é.
'' Ó táim-se bodhar,'' ar sise.(continues on next page)