Scoil: Cill Mhic Eoghain (uimhir rolla 9848)
- Suíomh:
- Cill Mhic Eoghain, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Domhnall Ó Hurdail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mhic Eoghain
- XML Leathanach 045
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Úair ámháin do bhí fear oibhre againne, timcheall tríocadh blíadan ó shoin. Tadhg Ó' Súilleabhain do'b ainm dó, bhí sé í Adraghabháil. Bhíodh sé ag baint prátaí le'm athair agus núair a bhíodh sé ag tarruingt na bprátaí abhaile gach tráthnóna, do bheireadh sé greim le na fhiacal ar an mhála agus is mar sin a tabharfhadh se na prátaí abhaile.
Do bhain an fhear céadhna acra d'féar in aon lá amáin, agus níor dhein sé a dícheall cun é sin do dheanamh, do dhein sé go fruiste é.
Bhí an fear sin ábalta ar siúbhal mhaith do dheanamh. Úair ámhain do bhí sé ag dul go 'Merice, agus bhí ana dhúil aige san ól. Nuair a chúaidh sé go Cóbh do chaith sé an méid airgid a bhí aige san ól, agus ní raibh sé ábalta ar dul go 'Merice in aon chor, agus do shuibhal sé abhaile ó Cóbh in aon lá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Clára Nic Amhlaibh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na hAoraí, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Micheál Mac Amhlaibh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Na hAoraí, Co. Chorcaí