Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 358
- XML “An Chuigeann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deineann muinntir na h-áite seo an chuigeann dhá uair sa tseactmhain sa tsamradh agus tímpeall aon uair ins an Geimhreadh. Nuair a bhíonn an chuigeann glan scólta acu cuireann síad an t-uachtar isteach ann agus annsan cuireann síad an loinnthe agus an clúdach air, annsan buaileann síad síos, súas é leis an loinnthe, leanann siad de go dtí go mbíonn sé déanta. Is iad na mná a dheineadh an chuigheann fadó agus nuair a bhíodh siad 'a dhéaneamh bíodh síad ag seimhint amhrán mar seo.
"Rath Dia ins an chuigeann seo
Sop agus ribá inti
Ím na Guirithe agus ím Baile an Rógáin agus ím gach aon mná a chuir buarach fé mhuin"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ua Úrdail
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí