Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 473
- XML “Neamhshaolta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)am ceadhna go dtí an tig seo chun go bhfuair an cailín bás. Ní fheacadar an capall na an carráiste as san amach.Bhí dhá píobaire ann tamall ó shin
Do gheallamh duais do'n té ab 'fhearr acu chun port ceól a sheinnt. Thosnuig an triall idir an dá phíobaire acu acht bhiodar oireamhnach dá chéile. Ní raibh rogha ortha chun gur sheinn piobaire acu an ceól sídhe. Do bhuaidh sé glan ar an bpíobaire eile leis an gceól sidhe Na sidheóga a chualaidh sé ag seinnt an ceól so agus pioc sé suas é. Acht b'e seo an céad uair a sheinn sé é. As san amach caitheadh sé an port ceól so a sheinnt do's na sídheóga nuair iarraidís air e San Fircéil a bhí an píobaire seo 'na chómnuidhe. Oidhche amháin bhí sé ag seinim in a thíge féin nuair a thainig fear do's na comharsain isteach. Nuair a chualaidh an fear an ceól deas d'ealluig sé suas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Ní Cruadhlaoich
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Liathchoill, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Caitlín Bean Uí Cruadhlaoich
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 41
- Seoladh
- Liathchoill, Co. Chorcaí