Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)
- Suíomh:
- Trá Phraisce, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An luain úd an fhaín?
Uair beag roimh lá? tháinig ciúineas ró bhreágh
Agus d'imtigeabhair-ne uaim se uair beag roimh lá.
Ag iascac do'n Sinál [?] no igciantaibh búr mbáthadh
'S go bhfuil iarsma an lae úd in búr ndiaidh go bhfaigeadh bás(2)
Se Cormac mo stóir togad na bfear n-óg
Mar do bí se 'im fear muinnte mear lutmhar go leór
Ó do sgríob se ar - nóin leis an mbucla a bí na broig
Gurabh í Carraig Aonair a ceile go deó.(3)
Se Fíngin mo mhaoin an té is óige de'm chlainn
Agus coictidheas o'n lá sin do tháinig sé i d-tír
Gan gunna, gan claideamh, gan anam 'ná croidhe
Ach a geaga fada lutmhar agus iad leatta ar a dtuin(4)
Tá duine eile dem clainn nar tráctas tharis puinn
Se Donnacad mo gile geal fear cothuigte an tighe
Ó bíodh an ge aige on dtír na lacain geal on dtuinn
An fúiseóg ná an traona agus gan bréag circín fraoig.(leanann ar an chéad leathanach eile)