Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)
- Suíomh:
- Trá Phraisce, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
- XML Leathanach 256
- XML “Piseoga”
- XML “Piseoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Ní ceart do daoine dul go tóramh go déanach 'san oidhche in a aonar.
2. Ní ceart dul thar tigh tóraimh gan dul isteach.
3. Ní ceart uimhir cothrom de coinnle do bheith as lasadh ag tóramh.
4. Deirtear gur ceart stad do chur leis an cloch nuair a bhíonn tóramh i dtig.
5. Ní ceart don tsocraid an cómhgar do gabháil.
6. Ní ceart d'aon cáirde don duine marbh bheith ag déanamh na h-uaighe.
7. Ní théigeann an t-athair ná an máthair go dtí socraid an céad leinbh a geibheann bás.
8. Ní ceart don athair baistí ná don máthair baistí an leanbh do pósad.
9. Ní ceart dóibh bheith na dtuismeathóirí baistí do leanbh eile go ceann bliadhna- Bailitheoir
- Máire Ní Choncubhair
- Inscne
- Baineann
- 1. Ní ceart do aoinne bainne do thabhairt go dtí aon tigh Lá Bealtaine.
2. Gan casán do dhul treasna san oidhche agus má deintear é sin cifeadh siad rud mí nádúrtha
3. Ní ceart cómhghar do thógaint san oidhche agus má deantar é sin go raghadh siad amugha.
4. Gan a cuid gruaige do gearradh Dia Luain
5. Gan dul isteach i dtigh nua gan rud nua do bhreith isteach leat(leanann ar an chéad leathanach eile)