Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)
- Suíomh:
- Trá Phraisce, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
- XML Leathanach 308
- XML “Na Fianna”
- XML “Na Fianna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis an áit éigin i gCeapa Líath. Do bhí carraig mór ann agus is ag seasamh ar bár an carraig sin a bhíodh Fionn Mac Cúmhaill nuair a bhíodh sé ag muineadh dos na daoíne. Deirtear nuair a bhí Diarmuid Ó Duibhne ag teiteadh le Gráinne gur caith sé cupla oidhche i gcró le Máire Ní Séaghdha i Liatruim agus tá ríghin an seana cró ann fós.
- Deirtear gur fuaradh poll mór thíos san talamh ar agaidh tíghe amac tamall ó shoin. Is i bFatha a fuaradh an poll deimin sin nuair a bhí muinntir an tíghe ag deanamh póirse ar aghaid a dtig. Bhí iongnadh ortha nuair a fuaradar an poll mar ní raibh fhios aca cad é an bríghe a bhí leis. D'fheac duine eigin siós ann agus connaic sé ríghin teine ann. Do fuareadh amac ó shoin gur le na Fianna an poíll sin mar go mbídís ag ithte ann. Táinig na Fíanna go dtí an paróiste seo uair amháin agus ar eagla go dtagadh aon namhaid cuchu do cuireadar fear suas ar Cnoc Daid ag faire an an mbád.
- Bailitheoir
- Nóra Ní Dhubhghaill
- Inscne
- Baineann