Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)

Suíomh:
Trá Phraisce, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 341

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 341

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
  2. XML Leathanach 341
  3. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    raibh fear ann fadó darb ainm dó Páidí. Do bhí capall ana fian aige, lá amháin bhí an capall amuich ins an bpáirc sin agus cuaidh Páidí amach cun breith air Núair a bhí se ag teacht suas leis do bhuail an capall idir an da shúil é do mairbh se é [?] do lean an ainm ar an bpáirc riam ó shoin.
    Páirc an túr se an fáth go raibh an ainm sin air ná go raibh carn mór cloich istig in a lár agus bíodar socruighthe ar nós túr agus creidannn na daoine gurabh iad na daoine maithe a cuir ann iadh.
    Páirc an Droiceadh, coisc gur in aice an bpáirc sin atá an drocead deanta ar an mbóthar publaí ós cionn an abha. Gurtan Clocar tugadh an ainm sin ar an bpáirc san toisc go raibh póll mór istig in a lár agus núair a caithead aoine cloch iseac ann do closfá é ag tuitim coiscéim go dtí go sroiseadh se an pol mór taobh thios de. Do h-osgaileadh an poll cúpla blíadain ó shoin agus do bí carn ana mór cloic istig ann mar do bíodh gach aoine ag caiteadh cloch istig ann cun an fuam do cloisint. Tá páirc eile i Droumleabh in aice na farraige agus páirc an Cotun is ainm dó. Fadó do bhí long ag teacht o tir eile go Corgaighe le last cadás. Táinig stoirm ana mór núair a bí an long ag gabháil taobh amuich de tig an t-solus agus do bris se cuid den long. Táinig se isteac go dtí an cuan ar a dtugtí Cuaisín na bPíotháin. Níor dein se ach an talamh do sroisint
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Choncubhair
    Inscne
    Baineann