Scoil: Scoil N. Mocomóg
- Suíomh:
- An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Macháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
- XML Leathanach 276
- XML “Ór in Inse Geimleach”
- XML “Ór i bhFeirm Dhónail Uí Rourc”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear in a chómhnuidhe i nInse Géimhleach fadó agus do dhein taidhbhreadh do go raibh crócha óir istig sa dún. Thosnuigh sé ag romhar é féin agus beirt fear eile agus bhídar ag obair ann ar feadh trí lae. Bhí clais mór deunta aca annsan agus bhí sé le feiscint ag na daoine go léir a bhí ag dul chun an mhargaidh. Tar éis tamaillín fuaradar an crócha mar a deirtear.
- Tá tigh Dhónal Uí Rourc suidhte tamaillín beag taobh thíor den scoil seo Mocomóg. Tríochadh bliadhán nú mar sin adubhairt Dónal liom féinig bhíomar go léir go seascair cois teine nuair a bhual stranséir caol árd isteach an dorado chúghaim. Ní raibh fhios agam cé a bhí ann agus durfhiadh ar seisean níl sé agam fós. D'íarraidh sé orin loisdín na h-oidhche a tabhairt dó agus gan dabht do thugamar. D'ith sé a shuipear agus tar éis tamaillín d'imthigh sé sa leabaidh mar bhí tuirse air tar éis a aistear fada ón domhan thiar America.D'fhán sé again ar feadh trí no ceithre lae agus do dhein taidbhreadh dó go raibh cróca óir i bhpáirc éigin. D'eireóchadh sé i lár na h-oidhche agus raghadh sé amach i gcómhnuidhe. Do dhein sé claims mór ins an bpáirc. Ins an oidhche a bhíonn sé ann i gcómhnuidhe. Tar éis tamaillín d'fhág sé an áit gan focal a rádh agus ní dúbhairt sé aon nídh linn mar gheall ar an óir. Is dóigh liom go bhfuar sé pé rud a bhí ann pé scéal é nuair a d'imthigh sé comh socair ón áit.
- Bailitheoir
- Seán O Macháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chaolchoill, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Buachaillí atá ag teacht ar scoil anseo
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 10