Scoil: Scoil N. Mocomóg
- Suíomh:
- An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Macháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
- XML Leathanach 300
- XML “Piseoga an Tí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na beir isteach scuabh buabhall go tug cómhnuidhe nú an draigín donn cuireann síad san na daoine ag troid le na chéile.Na cuir cárta imtheartha tré theine.Nuair a bhíonn tú ag dul ar aifrinn ná iompuigh tar n-ais in aon chor.Nuair a bhíonn duine breóite ná ceart an rud dul ar chuaird chun é.D'fheiscint Dé Céadaoin nú Dé hAoine.Nuair a thógfá sciolláin amach chun íad do chur ní chart an rud íad do tabhairt abhaile leat airís.Nuair atá ainmidhe agat chun é do mharbhúghadh seachan agus na dein é do mharbhúghadh Dé h-Aoine.Nuair a nigheann tú do chosa coiméad an t-uisce isteg go dtí an lá atá chúgat.Nuair a thosnuigheann tú chun na prataí do chur beir griosach nú smearóidí agus uisce coisneacan amach leat croth íad ann, ar an gcéad iomaire le áth.Nuair a bhíonn an gharrdha curtha agat caithfidh tú na h-úirlisí do chur tré teine.Nuair a bhíonn tú ag dul ar turus agus nuair a chasfadh bean ruadh ort tíochadh mí-ádh éigin ort annsan.Nuair ba mhaith leat mórán im a bheith agat caithfidh láimh leinbh do tharraing tríd.Ná cuir feóil úr isteach sa truachail nú atá an láir ag iomchar searraigh. Ní thiocfadh aon mí-ádh ar má chuirfeadh tú cuid de ar theangainn na láireach ar dtúis.Ná tabhair cearch guir d'aoinne nú gheóbhadh do fhear a chéile bás.Ná téighir isteach sa tig nuadh agus do lámha folámh.(leanann ar an chéad leathanach eile)