Scoil: Scoil N. Mocomóg
- Suíomh:
- An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Macháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 307](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0283%2FCBES_0283_307.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 307
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
- XML Leathanach 307
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Garcú luachra: Má cumileann sé a theamga den duine a beadh loisgthe coimeadann an rud san an loisg tracht air.Truic: An bainne a fhágann feriad in a dhiadh tá leigheas ann. Uaireannta cuirfidís an leanb tré asal. Deirtear go raibh mná uasal annso fadó agus gur tháinig an truic ar a leanbh. Chuaidh sí go beanfeasa éigin agus dúbairt an bhean-feasa leithe go gcaithfeadh sí an leanb do chur tré asal, agus seo mar a dúbhairt sí."A Dhia na bhflathas
Conus a fheiceann mo Seárlín go deó airís
"Cad na thaobh" ar seise,
Trí beal an asail isteach agus trí tóin an asail amac.Nuair a bhíonn eaorac pairilis deineann síad cóir na croise ortha le feargarluch.An bhruit liche: leigheasanna sé sin garsún nuair a bhíonn sé ar fliuchadh na leaptann.Teine Dé:- Fuil cat dubh-- an t-ainm atá ag an duine do scriobh leis mór-thimcheall air.Britíní: Aoileach gabhair beirthe agus é do tharraing cosamhlacht le tae agus annsan é do thabhairt don nduine go mbíonn na britíní aige.Fiabhras: Tumann blaincéidí isteach sa mhúnach agus annsan íad do chasfadh mór-thimcheall an duine atá breoíte.Gasbaidh (bhrághad): Cá leigheas le fághail san cré atá ar lic an dorado.Sleamnán. Séile I'm duine a bhíonn ocras air: fáinne óir: deilgín ceann spiúneáinTeanga sionnaig: Is féidir deilgín a thógaint amach leis.(leanann ar an chéad leathanach eile)