Scoil: Scoil N. Mocomóg
- Suíomh:
- An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Macháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
- XML Leathanach 258
- XML “Scéal Púcaí na nDeachmaí”
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí treab in a gcómhnuidhe de muinntir Deachmuí i gcrois Sheáin Uí Mhuirthille i Meall-an-mhanaig agus "togstar" do b'eadh íad. Do bheadh sé ag reach i gCorchaigh agus do bhí capall bán aige, taobh leis do bheadh ar féaracht ar cnochán. Oidhche dá raibh sé féin agus a bhean in a gcodhladh do ghlaodhach guth éigin thíar air á rádh go raibh a chapall dá bháid sa poll a bhí sa mhaigh a bhí taobh leis.
Ní chuir sé aon tsuim leis, chun go dtáinig an guth an tarna uair. Annsan dubhairt sé le na mnaoi go n-eireóchadh sé, agus dubhairt sí go n-eireóchadh sí féin cómh maith. D'eirig an bheirt agus ní raibh taisc ná tuairsc ann de'n té a dhúisigh íad. D'imhthigh sé go dtí an "togha na boga" agus do bhí an capall 'á bháid ann. Do chnuasach sé conghnamh agus do tháirr se o'n mhaigh é, agus ni raibh fhios aige cé ghlaodhach air. Dubhairt daoine gur o'n saoghal eile a tháinig an guth san. (gan teideal)
“Do chodhlas féin i ngleann...”
Do chodhlas féin i ngleann
'S do fada liom a bhíos ann
Bhí bean a tighe ag casmirt bhraon
'S í ag gasgaint ar a clann
Piopa ní glacfadh uaim
Sníos is tobach fuar,
Ach dá guide go pras an sion a stad,
Agus an oidhche tamall uaim.(gan teideal)
“Eochair na píse is eadh an phóg”
Eochair na píse is eadh an phóg”