Scoil: Scoil N. Mocomóg
- Suíomh:
- An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Macháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timcheall le seaschadh blíain o shion nuair a bhí mo sean-mháthair 'na cómhnuidhe aca darb ainm OSúilleabhain agus dúbhairt sé go n-eireóchadh sé ar mhaidin agus go gcuirfeadh sé na ba isteach sa páirc éigin le h-aghaidh an lae. Nuair a bheadh an mhéid sin dheunta aige raghadh sé go Corchaigh sé sin áit atá suidhte datadh míle o'n áit seo agus annsan go dtiochfadh sé thar n-ais airís um tráthnóna sar a mbheadh an ghréin ag dul fé. Beadh cloch min coirce ar a druim aige agus bheadh sé gan bróga gan stocaí. Thiomáineadsé na ba isteach roimis. Ní bheadh tuirse ortha in aon chor an uair sin. Ní dheanfaidís anois na creatúiríní.
- Timcheall seaschadh blíain o shion nuair a bhí mo sean-mháthair na cailín óg do fuair fear éigin bás agus díreach do chuireadar an torramh ar lán tsuibhal. Cleasaidhe do b'eadh an duine a fuair bás agus bhí sé ag magadh futha go léir i gcómhnuidhe. Bhí na cómharsain go léir bailighthe chum an torramh agus bhí 'na seanchaidhe ag innsint sean-scealta ann leis. I lár na h-Oidhche tháinig bachach isteach nach raibh fios ag éinne cé a bhí ann. Leabhair sé leis an fear a bhí ar an mbóird agus dúbhairt sé leis. D'eirigh an fear a bhí ag magadh bachach agus tá brón orm anois fé. D'imthigh an fear annsan mar a shlogfadh an talamh é. Níor leabhair an fear eile aon fear eile aon nídh eile ar san amach.