Scoil: Scoil N. Mocomóg

Suíomh:
An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Macháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 323

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 323

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Leathanach 323
  3. XML “Aimsir an Ghorta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    cloisint ag na sean-daoine mór thimcheall na háite.
    I gCathair Muicidhe san áit in a bhfuil Tadgh a'Chúpair na cómhnuidhe anois fuair cailín óg bás ann den ngorta, agus deirtear go bhfuil sí curtha in aice na (giolláinabh) ngcollán atá taobh theas den dtig.
    I n-Aimsear an ghorta bhí Liam O Súilleabhain 'na cóimnuidhe i (gCorchaigh) i gCarraig an Easaigh agus annsan thosnuigheadar ar an mbóthar seo dhá dheanamh chun "Reliefe" a thabhairt dos na daoine bochta. Do dheineadar droicheadh treasna den abhainn i n-aice Carraig an Easaigh agus deirtear gur teip sé ar "liam" an bhóthair d'iompuig soir taobh eile den abhainn mar bhí eagla deirtear sar a mbéidís ag teacht ag íarraidh dheirce féinig.
    Bhí bean na cómhnuidhe i gcúsán fadó. In aimsear an ghorta a bhí. Ní raibh sa tig aice acht bosca min choirce. Chuaidh a fhear go dtí an bhaile mór. I rith an lae tháinig bachaigh agus thug sí dorn min coirce do gach éinne aca agus agus um tráthnóna ní raibh aon rud sa bhosca. Chuaidh an bhean go dtí an seómra chun a gúna do chuir uirthe go (n-eir) mharbheochadh a fhear nuair a thiocfadh sé abhaile. Bhí sí ag dul amach an doras nuair a d'fheuch sí isteach sa bhosca agus bhí sé lán min-choirce. D'innis sí an scéal den bhfear agus bhí eagla an domhain air.
    Bhí beirt fear agus beirt mná ar an mbóthar atá annso agus íad ag ithe neantóga ar feadh an lae. Fuaireadar bás
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Buachaillí na Scoile
    Inscne
    Fireann