Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 001
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear ann fadó, agus bhí triúr mac is inghean amháin aige. Do reir mar a phós gach mac thug sé spré maith dho.
Nuair a phós an inghean níor thug sé aon phioc airgid di mar do phós sí i gcoinnibh a thoile. Nuair a phós an mac ab' óige chuaidh sé chun cómhnuighthe leis an athair.
An chéad oidhche a bhí sé ann dubhairt sé go gcaithfí a leabaidh i chóiriú i seomra an bainne. Do deineadh fé mar a dubhairt sé agus do chuaidh an mac is a bhean a codladh.
I lár na hoidhche d'eirigh an t-athair agus do bhí féasóg fada air fé mar a bhíodh ar gach sean-duine fadó. Do chuir sé an fhéasóg isteach ins gach cíléar bainne agus do leog sé don uachtar tuitim ar an úrlár.(leanann ar an chéad leathanach eile)