Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 120
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhíodh sprid á fheiscint i n-aice le Maghchromdha fadó, agus bhíodh sí ag marbhú na ndaoine go léir agus bhí eagla ar gach aoinne dul an treo san i ndiaidh tuitim na h-oidhche le h-eagla go marbhóchadh an sprid iad.
Do bhí lánamha na gcómhnuidhe tamall beag ón áit. I lár an lae dubhairt an fear le na bhean tobac a bheith aici dho i gcóir na h-oidhche.
Nuair a tháinig an h-oidhche d'iarr an fear d'á bhean féachaint an raibh an tobac aici. Dubhairt sise gur dhearmhaid sí é.
D'ith an fear a shuipéar agus annsan dubhairt sé go raghfadh sé a' d'iarraidh an tobac. "Airiú bíodh ciall agat" arsa a bhean "ar nóin tá a fhios agat má raghaidh tú an treó san nách ró fhada a bheir imthighthe go dtí(leanann ar an chéad leathanach eile)