Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 020
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí lánamha ann fadó, is minic a bhí is beidh airís leis. Ach an lánamha so ní raibh ach aon mac amháin acu, agus rud níos measa ná san amadán ab'eadh an mac.
Sé ainm a tugtaí air ná Tomás Amadáin. Níor dhein sé aon rud riamh a deiredh a athair leis agus gan amhras bhíodh an fear bocht cráidhte buartha uaidh.
Aon lá amhain do chuir a athair go dtí an margadh é le cúpla mála coirce agus b'é an foláramh deireanach a thug sé do Thomás ná nuair a dhíolfadh sé an coirce gan aon mhoill a dhéanamh sa tsráid ach teacht abhaile mar go mbeidís a' treabhadh um thráthnóna.
D'éist Tomás leis an cómhairle ach do liog sé isteach trí cluas é is amach tríd an gcluais eile. D'imthigh Tomás leis(leanann ar an chéad leathanach eile)