Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 011
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí lánamha ann fadó, is minic a bhí is beidh airís leis. Ach an lánamha so ní raibh acu ach aon mac amháin. Do fuair an máthair bás nuair a bhí an mac ana óg.
D'oibrigh an t-athair go dian go dtí go raibh an mac críonna a dhóithin chun obair a dhéanamh. Do bhí ana mheas ag an athair ar an mac agus cheap sé nuair a bhéadh an mac pósta go mbéadh ana shaoghal aige i n-aon fheacht leis ach mar a deir an sean fhocal. Ní mar a síltear a bítear go minic.
Do deineadh cleamhnas leis an mac agus nuair a bhíodar a' posadh thug an t-athair gach a raibh aige dho, agus thabharfadh sé tuille d'á mbéadh sé aige bhí a leithéid sin de mheas aige ar an mac.
Do bhí an mac go maith leis ach(leanann ar an chéad leathanach eile)