Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 018
- XML “An Buachaill a Chuaigh in Éineacht leis na Daoine Maithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)teacht fé na dhéin, agus d'airig sé daoine ag caint.
Do bhí seana casán ag dul in-aice an staighre, ba ghearr go bfeaca sé na daoine ag siubhal ann, agus d'airig sé duine eigin á rádh "Faig capall dom," ní túisce a bíodh na focail as a bheal ná go bheadh capall fé, d'iarr gach duine achu "faigh capall dom" "faigh capall dom," agus gasra mór diobh ann, d'imtigh gach duine acu air a chosa in-áirde.
Do bhí an buachail ag feachaint air an obair go léir, agus dúbhairt sé féin "faigh capall dom," do bhí seana ceachta briste caithte in-aice an staighre, is ní túisge a bhí na focail as a bhéal ná gur deineadh capall don cheachta.
Do léim an buachaill air a dhrom is d'imhthig sé leis cómh maith le h-aoinne achu, d'imhthígheadar leo thar gleanta cnoich abhainn agus cladhthatha, agus gach aon abhann a thiochfhadh rómpa do léimfidís é.
Nuair a leímfheadh an capall thar gach claidhe déarfhadh an bhuachail