Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 033](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0331%2FCBES_0331_033.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 033
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear na chómhnaidhe i Gort Na n-Acra fadó, fear maith a b'eadh é, agus do bhí sé aerach go leor, do bhí sé pósta agus do bhí trúir nó ceathrar do clainne aige, agus do bhí sé go maith cun iad a choimead le chéile, ní olach sé aon braon biotáile na aon ólachán eile ó bhí sé fichead bliain.
Mar nuair a bhí sé ocht bliana déag, do chuaidh sé go Mágcromdha go dtí aonach capall, a bhí ann agus cuaidh sé ag ól le fear éigin dos na cómharsan agus do bhí an fear bocht briste geall leis nuair a bhuail an fear leis, agus sé an ainm a bhí air ná Mícheal Ó Criodán agus sé an ainm a bhí air an fear a bhí na chómhnaidhe i Gort na N-Acra ná Seamus O h-Ailigheasa, do bhí Mícheal bocht leath briste nuair a bhuail Séamus air, do bhí ainm an airgead air Sheamus agus mar sin do bhí ana áthas air an fear eile, nuair a connaich sé é ag teacht, do chuadar isteach i dtig éigin agus bhíodar ag ól air buile, do bhíodar ag caint, agus bhí an domhan(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Cárthaig
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Faisnéiseoir
- Ristárd Ó Suimhne
- Inscne
- Fireann