Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó leis do bhí sé do nós ag sclábhaidthe an gaoil seo, agus cuaidh cuid do clann na feirmeorí leis, feirmeoraithe beag, dul síos sanach go dtí Mainistir Fhearmuighe agus Baile Mhistéalaig agus mórthímpeall na h-áite sin ag baint prátai.
Bhídís ansan in-ait áirighthe don t-sráid, um thráthnóna De Domhnaig. Thugad na feirmeoraithe ansan agus do réidteochaidís leo i gcóir na seactmhaine a bhí cúghainn. Tháinig feirmeoir áirighthe agus do réidthig sé le seisear achu agus cuadar in-aonfheacht leis abhaile um thráthnóna.
Do fuareadar suipéar maith agus cuireadh amach sa scioból iad igcóir na h-oidhche, nuair eirigheadar air maidin agus nuair a bhíodar ag ithe an breicfeast bhí an feirmeoir ag teacht isteach agus ag dul amach, agus bhí eagla air go mbeadh an lá fliuch.
Tá eagla orm air seisean "go mbeidh an lá ana fhluich tá ana dhearamh ann," Is minic a airigheas ansan feirmeoir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Thuama
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Na Cillíní, Co. Chorcaí