Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 068
- XML “An Fear Saibhir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear ann fadó agus do bhí sé ana shaidhbhir agus ní thabharfhadh sé pioch uaidh, lá amháin do cuaidh sé go dtí an t-aonach ag díol ba. Nuair a cuaid sé ann d'fhan sé alár an t-aonach ag feachaint a ceannóchadh aoinne na bá uaidh.
Fé dheire do cuaidh sé mórthímpeall an t-aonach nuair ná raibh aoinne ag teacht cuige cun na bá do cheannach. Do connaich fear é agus d'iarr sé air "an mór a bhí ar na ba" agus dubhairt sé "ceithre púnt an ceann" agus dubhairt an fear "go raibh sé ró dhaor ar fad ach do dhein an fear saidhbhir margadh leis", agus do ceannuig an fear na ba uaidh, ansan d'imthig an fear saidhbhir mórthímpeall feachaint a raghadh aoinne isteach sa tig Tábhairne leis ach ní raghad aoinne isteac.
Do cuaidh sé féin isteach agus do thosnuig sé ag ól an airgead níor ól sé an airgead go léir in-aon choir mar do bhí sé ag caoineamh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Donnabhaín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Céilleatair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 32
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí