Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí duine-uasal in-aice Cíll-Áirne fadó agus do bhí aon inghean amháin aige agus ba mhaith leis fear maith d'fághail di, do thug sé cuireadh dos na daoine uaisle go léir teacht go dtí na tigh.
Do thánadar, agus do bhí cailín párlúis ag an duine-uasal seo, agus sí sin a bheadh ag imdáil ar aon duine uaisle a thugadh agus ag leigint an búird.
Dubhairt an Inghean le na h-athair "gan glaodhach in-aon-chor anocht ar an cailín phárlúis mar go rhaibh sí sin cómh dressála léi feinig agus da dheanfhad sí í féin suas go bhead sí go mór níos deise na í féinig." Dubhairt an t-athair leis an cailín párlúis "go dheanfhad a ingean an bórd a leigint amach anocht." "Tá go maith" arsan cailín párlúis "tá ana áthas orm na thaobh" tháinig an inghean ansan agus shocruig sí an mbórd agus cuir sí gach nídh ann fé mar a dubhairt an t-athair léi. Do shuideadar síos ansan agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Thuama
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Thuama
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 95