Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 317
- XML “Cáit Mór”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean 'na comhnuidhe i gCúil-Aodha tímpal seasga bliadhain ó shoin, agus bhí sí 'na cómhnuidhe i mbotháinín ana bheag. Bhí fear darbh ainm do Seán Ua Éaluighthe. Cáit Mór ab' ainm dí sin, agus bhí Seán 'na cómhnaidhe in aice lei.
Théigheadh sé ag sguruidheacht gach oidhche cúiche agus ní bhíadh aon fháilte aici roimis ach mar sin fhéin do leigead sí isteach é. Oidhche amháin do bhí sé istig agus ní fhéadfadh sé teacht amach mar do bhí Cáit 'á bhualadh istig agus ní fheadfadh Seán bocht dul amach mar bhí téad ó dhoras Chait Mhóir go dtí treasna an bhóthair go dtí tig Sheáin Mhurt agus ní raibh a fhios ag aoinne cad abhí ann.
Chuaidh Cáit in áirde an staighre agus d'fhéach sí amach an fhuinneoig agus do chonnaic sí an téad agus bhí fear ag gabháil a' bhóthair agus dubhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóirín Ní Dhuinnín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ua Dhuinnín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí