Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí gabha ann fadó ach gabha greannmhar dob' eadh é mar ní fhéadfadh sé cruidhte a chur fé chapall. Tháinig buachaill cuige lá agus bhí cóta dearg air. Púca ab'eadh é ach ní raibh a fhios san ag an mbuachaill ngabha. Bhí an gabha ábalta ar gach rud eile a dhéanamh ach cruidhte a chur fé chapall. Bhí sé ábalta ar geataí a dhéanamh agus ar chéachta do shocrúghadh.
D'fhiafhruig buachaill na cóta deirge de'n ghabha an bhféadfadh sé cruidhte a chur fé chapall agus d'innis an gabha dó ná féadfadh. Dubhairt an buachaill leis an ngabha go ndéanfadh sé féin do é dá dtabharfadh sé scian do. Do thug an gabha an scian do.
Do ghearr an buachaill na ceithre cosa de'n capall agus do chaith sé isteach sa teine iad agus níor dhóigheadar in-aon-chor ach is amhlaidh a bhíodar ag deargúghadh mar a bhead iarann. Nuair a bhíodar dearg do thóg sé amac iad airís agus do chuir sé ar an gcapall airís(leanann ar an chéad leathanach eile)