Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 382](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0331%2FCBES_0331_382.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 382
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí baintreabhach an uair agus bhí aon mac amháin aici. Seán ab'ainm do. Ní raibh ach aon bhó amháin aca. Bhí Sean ana leisgeamhail. Bhí paiste talmhan aca leis agus dá mba buachaill ciallmhar Seán d'fhéadfadh sé rudaí a chur ag fás an ach ní raibh aon mhaith ann.
Pé sgéal é bhíodar chómh bocht san ná bíodh a ndóithin le n-ithe aca uaireanta. An tráth nóna so ní raibh blúire bídh fé dhíon an tíghe aca agus dubhairt an baintreabhach le Seán go gcaithfeadh sé dul ar aonach lá'r na mháireach agus an bó a dhíol no go gcaithdifdís dul amach ad' iarraidh déirce.
Bhí áthas ar Sheán mar bhí a fhios aige go mbeadh saoghal maith aige ar an aonach. Chuadar a chodhladh an oidhche sin gan pioc d'ithe. Maidean lá'r 'na mháireach d'eirig Seán go moch agus níor ith sé aon bhriecfeast ach d'imthigh sé leis agus an bhó 'á thiomáint amach roimis aige. Shrois sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Sháin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí