Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí baintreabhach ann uair agus bhí aon mac amháin aici. Bhíodar ana bhocht. Ní raibh ach aon bhó amháin aca. Bhí Seán ana leisgeamhail. Bhí paiste talmhan aca leis, agus dá mbeadh aon tairbhe i Seán d'fhéadfadh sé rud éigin a chur ag fás ann ach ní raibh.
Pé sgéal é bhíodar chómh bocht san ná bíodh a ndóthithin le n-ithe aca uaireanta. An tráthnóna so ní raibh blúire bídh fé dhíon an tíghe aca agus dubhairt an baintreabhach go gcaithfeadh Seán dul ar an aonach lár' 'na mháireach agus an bhó a dhíol chun bia do cheannach dóibh féin, nó go gcaithfidís dul amach ad' iarraidh déirce. Bhí áthas an domhain ar Sheán mar bhí a fhios aige go mbeadh saoghal maith aige ar an aonach. Chuadar a chodladh an oidhche sin gan pioc d'ithe. Maidean lá'r 'na mháireach do eirig Seán go moc agus níor ith sé aon bhreicfeast, ach d'imthigh sé agus an bhó's a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Seáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí