Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó do chuaidh fear darb' ainm do Conchúbhar Ua Liatháin ag sgoruidheacht chun fear darb' ainm do Seán Ua Liatháin. Bhí Conchúbhar 'na chómhnaidhe in Gort na Tobraid. B'éigin do Choncubhar dul thar an Roilig ag dul ann agus ag teacht thar-n-ais agus ní raibh aon dul as aige.
An oidhche seo chuaidh sé ag sgoruidheacht mar ba ghnáth. Bhí sé ag déanamh amach ar a h-aon-dhéag a chlog nuair abhí sé ag teacht abhaile. Chuaidh sé suas Bóthar na Roilige agus nuair abhí sé díreach ag geata na Roilige do léim rud éigin amach ar an mbóthar roimis.
Púca ab'eadh é agus dubhairt sé le Conchúbhar fanamhaint leis agus go mbeidís ag dul suas le chéíle. Nuair a airig Con é sin do rith sé chómh mear agus bhí 'na chosaibh. Suas an bóthar leis in ainm an diabhail agus an púca 'na dhiaidh ag cur a anama [?] ag gáirídhe ad' iarraidh cimeád suas leis.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Scanaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ua Scanaill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí