Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 427

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 427

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 427
  3. XML “An Bheirt a Bhíodh ag Troid”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean ann uair agus bhí sí seasga bliadhain nuair a chuimhnig sí ar phósadh. Bhí sean-fhear 'na chómhnuidhe i mBéal-Átha-an-Ghaorthaidh agus do deineadh cleamhnas dí leis sin. Bhí féasta mhór aca. an oidhche sin do chuadar a chodladh, agus níor mhaith leis an bhean an fear in-aon-chor mar bhí sé ag breimnig agus dubhairt sí leis go gcaitfeadh sí imtheacht uaidh ach dubhairt sé léi
    "Imthig leat in ainm a'diabhail.
    Do thosnuig an bheirt aca ag troid. Ansan do fuair an fear iongna méar a choise agus do thosnuig sé suas ag a glúin agus thug sé speach dh'á ionga dí agus dubhairt sí "Oh, my leg is broken", agus dubhairt an fear "The devil mend you."
    D'fhanadar an oidhche sin ag troid agus gach oidhche 'na dhiaidh san. Tar-éis trí seachtmhaine nó mar sin d'imthig an bhean uaidh ar fad, isteach i leabaidh eile ach do bhí sé ana fuar ar fad agus dubhairt sí léi féin "As bad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Scanaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    11
    Seoladh
    An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Dhómhnaill Uí Scanaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64
    Seoladh
    An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí