Scoil: Toames, Maghcromtha (uimhir rolla 15478)
- Suíomh:
- Tuaim, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tímcheall na h-áite seo tá ceithre toibreacha naomhtha, ceann aca i Sléibhín, ceann i gCúl Dhómhnaill, ceann i gCill na Rómánach agus ceann gCarraig Duidhe. Sé an tobar naomhtha i gCúl Domhnaill an ceann is tábhachtaí dhíob seo. Tá an tobar seo i bfheirm Dómhnaill Uí hAllocháin. Sé an ainm atá ar an tobar seo ná Tobar Naoimh Mhicíl. Tagann sluagh daoine chun an tobair seo gach 29 lá de Mí An Meadhán fógmhair ag déanamh turasanna. Deirtear gur turas an mhaith turas ag an dtobar seo, go mór mór mar leigheas i gcóir tinnis fiocal.
Suas go dachad blian ó shoin bíobh cómhthalán mór gach 29 adh lá de Meadhan Fhómhair comhgarach don áit na bhfuil an tobar. Bhíodh ráiseanna, rinncí agus gach saghas lúth cleas an súibhal an lá san agus san tráthnóna ( agus na sean daoine ar feadh an lae) théigheadh na daoine don tobar naomhtha chun turas a dhéanamh. Seo an cumma na deintear an turas tímhcheall an tobhair seo. Deirtearsan Coróinn Mhuire ar dtúis. Annsan tá ceirthe stáisúin tímcheall an tobar agus deirtear "Ár nAthair atá ar an neamh" "Go mbeannuighthear Dhuit" agus " Glóire Don Athair" ceirthe n-uaire ag gach stáisúin. Téigheann duine tímcheall an tobair ceithre h-uaire mar seo, agus sa deire deirtear "Ár nAthair atá ar neamh " Go mbeanmuighthrear Duit" An Glóire agus Creidimh i nDia" ar son athar agus máthar naoimh Mhicíl(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Mhuirthille
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill na Rómhánach, Co. Chorcaí