Scoil: Toames, Maghcromtha (uimhir rolla 15478)
- Suíomh:
- Tuaim, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)I mbaile fearannn An tSléibhín ar taobh an bhóthair ag dul isteach i Mágh- Cromtha tá tobar naomhtha ar a dtugtar Tobar naoimh Bheirethert. ( Bernhardt is dóca). Meanann na sean daoine gur driathaír do naomh Ghobnatan an "beirithert" seo ar de réir túairmí daoine léigheannta, naomh ón mbratain mbead do bheadh é. Deirtear go bhfuil morán tobar naomhtha ina an mbreatain mbeg ainmnigthe ón naomh gceidhna.
I gCill na Rómánach, i bfheirm Mhicíl Uí Mhuirthuille, tá tobar naomthta eile. Tobar ina thábhachtach do beadhan tobar seo sa tsean aimsir. Tá an tobar seo in aice na h-áite na raibh an mhainistir fadó. Is go dtí an mhainistir seo a theich na Monsig nuair a rúaig na Danair iad ó Mainistir Mhaghh Clann Chic[?]. Níl rían na mainistreach le feiscint anois ach tá roinnt leace san áit 'na riabh an railig. Is beag duine a théigheann go dtí an tobar seo anois ag deanamh turasanna: ach is cuimhin le na seana daoine nuair a deintí turasann ann. Seo rud [?] a thuit amach timcheall seactmád de bhlíontaoibh ó [?] ag tuitim na h-oidhe lá áirithe i mí an Abráin, búail seanbéan isteach go tig Athar Mhichil Uí Muirtuille, Connaic na daoine sa tig gur stráinséar í, agus d'fhiafruigheadar di cá raibh a tríal nó an bhfheadfaidiís í a chabhrú in aon tslíghe. Dubhairt sí gur ó thiobraid Árann bheadh í sa deaidhreamh dá dtagagh sí go tobar naomhtha áirithe i gCo Corcaighe agus turas a deanamh ag an dtobar go léigheasfaí an h-inthean. Dúbhradh léi freisin go dtreórófaí í ar an slíghe ceart cun an tobair agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Mhuirthille
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill na Rómhánach, Co. Chorcaí