Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)
- Suíomh:
- Cill Macaibí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Donnabháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 169](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0309%2FCBES_0309_169.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 169
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ndóthain acu ar feadh an chuid eile dá saoghal, mar do mheasadar go raibh sé tuillte acu, go maith macánta leis an méid cruadhtain d'fuilingéadar ar an t-slighe anall, ag fiothálamh ar lucht na h-aicíde. Indhiaidh a chéile do chas an t-sláinte ar an ndream eile airís, agus fuaireadar lom ar an ngaoith anuaidh agus bhaineadar an t-anncaire agus d'árduighedear na seolta agus scaoileadh an long ó dheas ar a dtír féin. Do shroiseadar Cúan Seabastaéna 'na dtír féin i gcionn seachtmhaine agus deirtear go bhfuil cuan Seabastaéna dá céád deag de mhílibh slighe ó Chuan Dor. Tréis tamaill éigin dóibh 'na dtír féin fuair an triúr bhí sláintúil riamh bás, indhiaidh a chéile sula bhfuaireadar lom ar filleadh thar n-ais go h-Éirinn chun an t-ór a bhreith leo, ach do leag duine éígin acu an rún lena cháirde sul a bhfuair sé bás. Bhí adhbar sagart óg ó Chairbhre thall sa Spáinn san am san, agus chuala sé an scéal sa teanga Spainnis agus seo an tuairisg a fuair sé air:-"Go raibh seól luinge lán
d'ór buidhe 's d'airgead bán
Curtha san talamh, le máirnéalaig ón Spáinn
Idir dhá chaisleán agus dhá sruthán" i gCuan Dor.Nuair a tháinig an sagart abhaile chun a mhuinntir d'innis sé an scéul dóibh, mar a chuala sé féin é, sul fhág sé an an Spáinn. Do chuaidh an ráfla ó bhéal go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Sean Mac Cárthaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Achadh Tiobraide Mór, Co. Chorcaí