Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)
- Suíomh:
- Cill Macaibí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)béal agus ó dhuine go duine go raibh fhios ag cách air, agus cheapadar go raibh sé fíor mar bhí fhios acu go raibh long na h-aichide ann roinnt blianta roimhe sin.Thánadar muinntir Cuan Dor i gceann a chéile agus dubhradar go raghadís ag cuardac an airgid agus an óir. Oichdhe áirithe in dhiaidh a suipéar, do chuadar chun an áit a chuardach idir an dhá chaisleán. Tá leath míle slighe idir an dhá caisleán agus an spás ceadna idir an dhá shruthán mar tá sruthán láímh le gach caisleán agus bhíodh muileann ar gach sruthán díobh an uair sin, ag gabháil leis na caisleáin. Ní rabhadar i bhfad a chuardach ar bruac na faille nuair siúd aníos an cuan míol mór agus níor stad sé gur tháinig sí ar aghaidh na faille amach, agus thosnuig an uisce a shéideadh amach as a béal isteach ar na fir bochta, le neart 's le fuinneamh, agus ba dhóbair go mbáthfadh sí na fir le h-uisce na sáile istig ar an dtalamh tirim.Do thugadar suas an obair agus do theicheadar abhaile leo feín, mar na feacadar a leithéid d'ainmhí riamh roimhe sin agus is dócha nár tháinig a leithéid d'ainmhí isteach go h-aon cuan in Éirinn ó'n aimsir gur mairbh Fionn agus Fiann Éireann piast locha Cuan ar chósta thuaidh na hÉireann.Maidin lá na mháireach nuair na raibh aon(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Sean Mac Cárthaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Achadh Tiobraide Mór, Co. Chorcaí