Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)
- Suíomh:
- Cill Macaibí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean bhocht na comhnuí timcheall na háite seo fadó shoin, baintreabhach a b'eadh í, agus bhí lán tighe de pháistí uirthi mar chúram tréis a céile do chur. Tháinig bacach- a -mhála chuichi lá, mar a déarfá coighcíos indiaidh na Nodlag agus d'iarr sé déirc uirthi ar son dé 's Mhuire ."Níl sé agam le tabhairt duit" adubhairt an bhean bhocht. "Ná bhfuil pluais prátaí agat ins an gáirdín ag pinniúr a tighe" adubhairt an bacach. "Tá", adubhairt an bean bhocht, "ach tá aimsear fada romhan chun iad san a chaithte". Goidé an aimsear atá romhat" ars an bacach. "Tá, as seo go lár an Fhaoilligh", adubhairt an bhean bhocht". "Agus seacht seachtmhaine an Charrghaois 'na dhiaidh sin, tá annsan ó Domhnach Cásca go la bealtaine agus raiththe fada an -Samhraidh sara bhearfaidh na prátaí nuadha airís orm, agus lán tighe de pháistí mar chúram". " Go deimhin fein a bhean bhocht" adubhairt an bacach, ach is dócha go bhfuil an ceart agat, ach mar sin féin tabhair dom, creideamh dóchas agus Carthannacht". D'éirig an bhean bhocht na seasamh agus do thóg sí trí prataí 'na laimh, agus do shín sí chuige iad. "Seo, adubhairt sí, " in ainm(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Cáthaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Achadh Tiobraide Mór, Co. Chorcaí