Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)
- Suíomh:
- Cill Macaibí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim
- XML Leathanach 175
- XML “Na Trí Pharóistí atá Timpeall Cuan Dor”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do labhair bean Mhidhrois annsan"Midhros an talamh breágh míne
Go dtabharfadh an síoda (?)
Gan gaineamh gan aoileach
Dá gcuirfidhe an síol (?) ann"
Ón bhfear ceadhnaMar a thánaig na h-ainmneacha "Leipreachán agus "Fionnagán"
Chuala sean daoine á rádh gur thug na Lochlannaigh an leipreachán agus fionnagán go h-Éirinn do'n chéad uair. Bhí muinntir na Laplainne agus muinntir na Fionnlaoine mar sclábhuidhthe ag na Lochlannaigh, ag obair ins na luingeas dóibh, agus nuair a connaic muinntir na hÉireann an difríocht a bhí idir iad féin agus na Lochlannaigh, Thugadar ainmneacha fé leith ortha leipreachán a gloadhadar ar fhear na Laplainne agus Fionnagán ar fear na Fionnlaine.- Bailitheoir
- Seán Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Cárthaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Achadh Tiobraide Mór, Co. Chorcaí