Scoil: Pádraig Naofa, Droichead Banndan
- Suíomh:
- Droichead na Bandan, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Faoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1.
Innis do Cháit i gcogar é
Agus 'neósfaidh Cáit do'n phobal é.2.
Caitheann gach aoinne géilleadh dhá bhacaighe féinig.3.
Muna mbíonn rud agat féin
Tabair do bholg leis an ngréin.4.
Is feárr béasa ná bréaghthacht. 5.
Tadhg sa mhainistir agus gnó sa bhaile aige
(Bhí Tadhg marbh agus d'oir a chabhair dá mhuinntir sa bhaile.)6.
Earraí fhada, foighne bhreágh.7.
Má phógann tú i n-aon chor póg i n-am
Mar níl aon bhláth ar an nduine ach a chlann.8.
Tá dá shaghas clainne ann :-
(a) Clann do mharbhigheann
nó
(b) Clann do bheatuigheann.9.
Cómhairle a thug bean déirce do bhean a' tíghe.
"Eirig síos go banamhail agus tair aníos go fearamhail."
Cuaidh bean a tíghe síos sa t-seómra cun rud a tabhairt di. D'feadfash sí teacht aníos go fearamhail ach rud fóghanta a bheith ina láimh aici le tabhairt di.