Scoil: Pádraig Naofa, Droichead Banndan
- Suíomh:
- Droichead na Bandan, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Faoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Pádraig Naofa, Droichead Banndan
- XML Leathanach 071
- XML (gan teideal)
- XML “Paidir i gcomhair an Tromluí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bean a chailla céile.”
Bean a chaill a céile. Bhí sí á chaoineadh. Bhí fhios aici go raibh mí-ádh éigin 'na cóir d'réir 'na cómharthaí seo. sa rann:- na h-uanna dúbha, girrfiadh ar an ndrucht srl.
Seo é an giota:-
"Bhí fhios agam a riúin
Ar bhreith na n-uanna dhúbha dom.
Is ar 'feiscint an ghirrfiadh ar drúcht
Agus ar labhairt na cuaiche im' chúl
Ná beadh an bhliadhain seo liom.- Paidir i gcóir an triomluighe (Nightmare). É rádh gach oidhche roimh dul sa leabaidh agus ní bhfaighfea riamh é. Anna Mháthair Muire
Agus Muire Máthair Chríost
Eilís Gabriel Máthair Naomh Eoín Baiste
Cuirim an triúr san idir mé
Agus comhluighe mo leapa comhluighe:- comh pron. "cow"
Cun é saoradh ar gach ann-sprid
Atá ar mo luighe
An Crois gur céasadh Críosd air
Cuirim idir mé agus an tromluige.
I n-ainm an Athar agus an Mhic
Agus an Spioraid Naoimh. Amen.