Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí Séamus Ó Colamáin, file agus táiliúr ó Bharraí Ruadha...”
Bhí Séamus Ó Colomáin, file agus táiliúr ó Bharraí Ruadha i n-aice Ti'Molaga, uair trí Thiobraid Ára' agus ar maidin laé do tháinig sé féin agus beirt shagart ar a chéile. Bhí na sagairt a'dul ar "station" agus bhí an Colmánach ag gluaiseacht roimis. Do chuireadar cainnt ar a chéile. D'fhiafruigh an sagart mór de Shéamus cad as é agus dubhairt Séamus gur ó Chairbre é. Do labhair a' sagart óg d'urchar agus dubhairt gur bocht is gur dealbh an áit sin.
Do leag Séamus dóibh. Do bhí coin ag an sagart óg agus d'imígheadh sé isteach féin mbán agus do bhuaileadh cich ar tor, agus do leag Séamus dó, chun gur casadh bulán ortha agus é gabhta fé cheárr agus bainne sa cheárr aige. Do labhair an Colmánach annsan agus is é a dubhairt sé:-
"Rud ná facha-sa féin im dhuthaigh riamh
An Eaglais ar maidin ar drúcht a'fiadhach
Srathar ar tharbh ó chúl aniar
A'tarrac bainne le meadar go Cáthair Abhainn na Mias"- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 70
- Seoladh
- Baile Loc, Co. Chorcaí