Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá cuas ar a dtaobh theas de Dhún Eóghain go dtugtar Cuas a'Tairbh air. San aimsir fadó ó shoin (tímcheall 250 blian ó shoin) do thagadh tatbh mór anuas ós na cnochaibh, tímcheall a h-aon déag a cchlog go dtí Tráigh Gainiú, suas bóthar na leachain, agus ó dheas go dtí an cuas sa, agus d'airióchthá cúig míle ó bhaile é a'búirigheal. Do bhí fear dána sa bhaile seo agus a dubhairt sé leis féin aon óiche amháin go gcuirfeadh sé deire leis a'tarbh go deó.
Chuaidh sé 'na choinne le corán agus do thánadar agaidh le h-agaidh i mullach bóthair na leachan agus do throideadar le céile.
Do mharbh sé a'tarbh agus ar maidin amárach bhí cairnín luatha' i n-ionad a'tairbh mar ar throideadar. Níl fhios ag aoinne riamh chár imigh an tarbh. Tháinigh an fear féin saor agus tugtear Cuas a'Tairbh ar a'gcuas riamh ó shoin.- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Finn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Seoladh
- Dún Eoghain, Co. Chorcaí