School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)

Location:
Ardfield, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 142

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 142

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Page 142
  3. XML “Tráchtáil agus Robálaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá cuas i nDún Eóghain go dtugtar Cuas na Sloinne air. Sé an fáth go dtugadh an ainm sin air mar go bhfuil an áit go léir mór-thímceall air lán de shlinn is de leachacha. Tímcheall céad blian ó shoin nó beagán fairis do bhíodh muintear Dhún Eóghain a' baint sloinne ann ó cheann ceann na bliadhna. Do thagadh scúinéirí ó Bh'lea' Cliath agus ó Chorchaigh is do thagaidís chun ród i mbéal a'chuais san uisge doimhin.
    Tharraigígheadh síad a'tslinn amach le bháid. Do thagaidís seachtain nó mar sin á'dtarrach chun go mbíodh a't-árthrach ládálta.
    D'imígheadh leó annsan. Oibríghidís arís ar a'slinn agus do bheadh uallach ullamh acha i gceann cúpla mí ' nuair a thagadh an scúinéir airís. Do lean an obair sin ar siubhal insan áit seo tímcheall deich mblian is fichead. I bhfad roimis sin nuair a dheineadh na ? tímcheall an chósta seo do tharraigíghidís amach na prátaí fé mar a tarraigíghdear a'tslinn 'na dhiadh sin. Bhí ceann de's na ? seo i nDeirce agus i nDún Uí Chabhthaigh. Ar feadh roinnt mór de bhliantaibh do bhí scúinéirí a'theacht ó Bhlea' Chliath, a'seasúr na bprátaí agus do bhíodh na tíghthe seo ládáltha rómpa sa chaoi ná bhíodh aon mhoill ortha ach iad do bhreith amach le'n a mbáid chun na h-áite mar a mbíodh an scúinéir chun ród.Théigheadh fear
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Donnchadh Ó Fínn
    Gender
    Male
    Age
    c. 50
    Address
    Dunowen, Co. Cork