Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Píosa bréide do bhí caillte agus dubhairt a bhean le Pól dul á lorg. Sean-fear bocht go raibh trí fichid blian agus níos mó slán aige dob'eadh Pól agus cheap sé go mbfearra dho fanamhaint sa bhaile go dtiocfadh sé pínsin 'nuair do bheadh sé neamhspleadhach agus 'nuair do bheadh cead a chos aige dul a'lorg na falainge.
'Nuair d'iarr a bhean air dul d'fhreagair sé í mar seo:
1.
"Táimse trom caithte ná meidhreach chun reatha
Chun dul ar thuairisc na falainge díribh
T'r'om spás ar feadh tamaill is fág me sa bhaile
Mo chroidhe Mháire go dtiochfad chun pínsin.
2.
An pínsean 'nuair a thiocfaidh geóbhaidh Diarmuid is mise
Síos chun na Reanna d'á h-éileamh
Mar a thagaid no loingeasa ar chiúnas ar foithin
Nuair a shéideann sé fearthainn as spéiribh."Dhein Pól mar adubhairt agus 'sna bhearsaí seo thíos tugann cúntas dúinn ar na h-eachtrí do bhain sa turas.3.
Preabam ar bórd is crochaimíd seól. ní stadfam' go Cuan Goidéara
A tuairisc a cuirfeam' ar oifigí custuim
Agus gheóbhaimíd an fhalaing má's féidir.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ó Dúbhgáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Uí Chothaigh, Co. Chorcaí