Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí an Gobán Saor an saor cloiche dob fhearr a bhí i n-Éirinn an am san.
Do thóg sé a lan cúirteanna i n-Éirinn agus caisleain bhreágha. Níorbh fhéidir buadhachtaint air, go rith a'ráfla idir dhá cheann na h-éireann. Do bhí a'ráfla chómh mór san ar fheabhas a chéarduíochta go bhfuair rí Shasana fios air agus do chuir a'iarraidh air chun go dtógfadh sé caisleán dó.
Do chuaidh sé féin agus amhach anonn agus seo a' tógaint a'tíghe iad le h-órdú a'ríogh. Do bhí sé nách mór críochnuighthe aige agus do bhí a leithéad sin de mhórdháil ar a'rí na thaobh go raibh eagla air go dtógfadh a'Gobán ao' chúirt eile agus go mbeadh sé chómh breágh le n-a chúirt féin agus do cuireadh cogar ar bun le h-iad a mharbú.
Do fuair a'Gobán faisnéis éigin air agus dubhairt sé leis a'rí ná feadfadh sé a'caisleán do chríocnú, go raibh uairlis nheag i nÉirinn 'na dhiaidh agus dá mbeadh sé aige go mbeadh sé ar muinín na muice. D'fhreagair a'rí go gcuirfeadh sé a mhac, mac a'rí, á iarraidh 'fáin ná leagfaí é féin anall i nao'chor. Nuair abhí mac a'rí ullamh chun teacht, dubhairt a'Gobán leis go dtabharfadh a bhean an úirlis dó agus gurbh é an ainm a bhí uirthi,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Fínn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Seoladh
- Dún Eoghain, Co. Chorcaí