Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)breágh ar muir is tír ó n-a bhárr. Dá mbeifeá it sheasamh ann tráthnóna breágh sa bhFómhar tímcheall trí fichid bliain ó shoin, ' nuair a bhíodh culmóirí go fluairseach sa chósta seo, ní fheicfeá spota ó na Seacht gCeanna go dtí Cheann Dhún Déaghda gan bád beag nó bád mór agus ga' h-aoinne acha ar a thréan-dhícheall a'tógailt culmóirí.
Is mór an difiríocht atá idir an am san agus an lá indiu. Dá rachfá amach ag iascacht anois mar a théidís sin an uair úd is le seans do thabharfá dóithin do shúipéir isteach leat.
Tráchdáil idir na báidibh móra agus na báidibh beaga:
A' trácht ar a' dtráchdháil do dheinfeadh báid bheaga a' cósta seo le longaibh móra ga' h-aon Domhnaigh fadó.
Théidís ar a' gcéad Aifreann i gcómhnuidhe chun bheith a' faire agus chun bheith ullamh i gcóir na long mór do bhíodh a' teacht ó gach áit agus do sheóladh giorrachta do'n chósta seo ar a t-slíghe rómpa go dtí an Cóbh nó go cuanta Shasana. Níl aithid acha súd a' teacht ar a gcósta seo anois le tamall maith agus is mór an t-uaigneas íad a bheith imighthe. Tá stéiméirí ann 'na n-ionad.
Ach, a' tagairt dom' scéal, bhíodh prátaí, uibhe cearc, cabáiste agus leannacht ullamh acha agus duine eigin ach a' faire amach ar a' leachain i gcómhnuidhe ar eagla go dtiochfadh ao' long aniar i gan fhios dóibh agis go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Fínn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Seoladh
- Dún Eoghain, Co. Chorcaí